YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 52

52
Salm 52.
Quid gloriaris?
1Cad chuige a mbíonn tú ag maíomh, a thíoránaigh: go bhfuil ar do chumas olc a dhéanamh?
2Ach dá ainneoin sin uile: maireann maitheas Dé gach lá.
3Cumann do theanga urchóid: agus gearrann tú le bréaga mar le géarscian bhearrtha.
4Bʼansa leat an neamhfhíréantacht ná an mhaitheas: agus bʼfhearr leat labhairt ar bhréaga ná labhairt ar an bhfíréantacht.
5Ba bhreá leat gach focal is mó a dhéanfadh dochar a labhairt: a theanga na bréige.
6Dá bhrí sin scriosfaidh Dia go deo tú: béarfaidh sé ort, agus tógfaidh sé as dʼionad cónaithe tú, agus tarraingeoidh sé as do phréamhacha tú as talamh na mbeo.
7Agus feicfidh an fíréan an ní sin, agus beidh eagla air: agus déanfaidh sé gáire fonóideach faoi.
8Féach, siúd an fear nár ghlac Dia mar a neart: ach a chuir a dhóchas i méid a mhaoine, agus a neartaigh é féin ina urchóid.
9Ach bímse mar chrann ghlas ola i dteach Dé: tá mo dhóchas as maoth‑thrócaire Dé go saol na saol.
10Beidh mé ag tabhairt buíochais duit go deo as a ndearna tú: agus beidh mo dhóchas as dʼAinm, ós é is fearr le do naoimh.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 52: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔