Na Sailm 53
53
Salm 53.
Dixit insipiens.
1Is é a dúirt an duine amaideach ina chroí: Níl aon Dia ann.
2Is truaillithe atá siad, dʼéirigh a n‑urchóid gráiniúil: níl aon duine a dhéanas an mhaith.
3Dʼfhéach Dia anuas ó neamh ar chlann Ádhaimh: go bhfeicfeadh sé an mbeadh tuiscint ag aon duine, an iarrfadh sé Dia.
4Ach chuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl duine ann a dhéanas an mhaith, níl, fiú aon duine amháin.
5Nach iad atá gan tuiscint, a mbíonn drochfhuadar fúthu: ag ithe mo mhuintire mar dʼíosfaidís arán? Níor ghlaoigh siad ar Dhia.
6Bhí eagla orthu gan ábhar eagla ann: óir bhris Dia cnámha an té a chuir léigear ort.
7Chuir tú náire orthu: ó bhí dímheas ag Dia orthu.
8Go raibh an slánú á bhronnadh ar Iosrael as Síón amach: go bhfuascla an Tiarna a mhuintir as broid!
9Is ansin a bheadh lúcháir ar Iácób: agus áthas ar Iosrael.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 53: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965