Na Sailm 47
47
Salm 47.
Omnes gentes, plaudite.
1Buailigí bhur mbosa faoi chéile, a chiníocha uile: agus canaigí go binnghlórach do Dhia.
2Óir is ard ineaglaithe é an Tiarna: is é an Rí mór é atá os cionn na cruinne.
3Cuirfidh sé na ciníocha faoinár smacht: agus na náisiúin faoinár gcosa.
4Toghfaidh sé oidhreacht dúinn: a mbeidh an feabhas uirthi is dual do Iácób dá dtug sé grá.
5Chuaigh Dia suas le glórtha gairdis: chuaigh an Tiarna suas le séideadh an stoic.
6Seinnigí moladh, seinnigí moladh ár nDé‑ne: seinnigí moladh, seinnigí moladh ár Rí.
7Óir is é Dia Rí na cruinne uile: seinnigí a mholadh go healaíonta.
8Tá Dia ina rí os cionn na bpágánach: tá Dia ina shuí ar a chathaoir naofa.
9Tá ceann urraí na gciníocha agus muintir Dé Abrachaim ag cur le chéile: óir bíonn Dia, atá ard oirirc, ag cosaint an talaimh, mar a bheadh le sciath.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 47: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965