Na Sailm 46

46
Salm 46.
Deus noster refugium.
1Is é Dia ár ndóchas agus ár neart: is giorra dúinn a chabhair inár mbuaireamh.
2Ní bheidh eagla orainn mar sin, siúd is go gcraitear an talamh: agus go gcartar na cnoic amach i lár na farraige.
3Siúd is go mbíonn a tonnta ar mire agat: agus go mbaintear crith as na sléibhte leis an ndoineann.
4Tá abhainn ann, a mbíonn a sruthanna ag cur aoibhnis ar chathair Dhé: ionad naofa pailliúin an Té is Airde.
5Bíonn Dia ina measc, agus ní bhogfar í dá bhrí sin: tiocfaidh Dia chuici le cabhair, agus tiocfaidh sé gan mhoill.
6Tá mórghleo as na náisiúin, agus tá gluaiseacht faoi na ríochta: ach cluineadh Glór Dé, agus coscróidh an chruinne.
7Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean.
8Tagaigí chugainne, go bhfeice sibh oibreacha an Tiarna: an scrios a thug sé thar an talamh.
9Tá sé ag cur críche le cogaí ar fuaid an domhain: tá sé ag briseadh an bhogha, agus ag déanamh dhá leath den tsleá, agus ag dó na gcarbad sa tine.
10Tostaigí mar sin, ach aithnígí gur mé is Dia ann: beidh mé dom ardú i measc na náisiún, agus beidh mé dom ardú ar an talamh.
11Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 46: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔