Na Sailm 147
147
Salm 147.
Laudate Dominum.
1Molaigí an Tiarna, óir is maith an ní é moladh ár nDé a sheinm: is áthasach aoibhinn an tréith an buíochas.
2Tógann an Tiarna Iarúsalem: agus cruinníonn sé deoraithe Iosrael le chéile.
3Leigheasann sé lucht an chroí bhriste: agus tugann sé cógaisí dóibh lena mbreoiteacht a leigheas.
4Comhaireann sé uimhir na réalt: agus glaonn sé orthu go léir ina n‑ainmneacha.
5Is mór ár nDia, agus is mór a chumhacht: is ea, agus níl cuimse lena eagna.
6Ardaíonn an Tiarna na daoine ceansa: agus tugann sé lucht an oilc chun talaimh.
7Canaigí don Tiarna le buíochas: seinnigí moladh dár nDia ar an gcláirseach;
8A chumhdaíos na neamha le néalta, agus a ullmhaíos an fhearthainn le haghaidh an talaimh: agus a thugann ar an bhféar fás faoi na sléibhte, agus na luibheanna as a mbaineann na daoine úsáid;
9A thugann bia don eallach: agus a bheathaíos éin an fhéich dhuibh a bhíos ag glaoch air.
10Ní bhíonn dúil aige i neart an eich: ná ní haoibhinn leis cosa an duine.
11Ach is iad is aoibhinn leis an Tiarna, an dream a mbíonn a eagla orthu: agus a chuireas a mhuinín ina thrócaire.
12Mol an Tiarna, a Iarúsalem: mol do Dhia, a Shíóin.
13Óir dhaingnigh sé sparraí do gheataí: agus bheannaigh sé do chlann i do lár.
14Déanann sé an tsíocháin i do chríocha: agus líonann sé thú de mhin chruithneachta.
15Cuireann sé a aithne ar fuaid an talaimh: agus is lán lúfar a ritheas a bhriathar.
16Tugann sé an sneachta mar olann: agus scaipeann sé an siocán bán mar luaithe.
17Caitheann sé amach a oighreog mar mhíreanna: cé a dʼfhéadfadh a shioc a fhulaingt?
18Caitheann sé amach a bhriathar, go leánn sé iad: séideann sé lena ghaoth, agus bíonn na huiscí ag sileadh.
19Nocht sé a bhriathar do Iácób: a reachta agus a orduithe dʼIosrael.
20Ní dhearna sé amhlaidh leis an dara cine: ná ní bhíonn fios a dhlíthe ag na págánaigh.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 147: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965