Na Sailm 146
146
Salm 146.
Lauda, anima mea.
1Mol an Tiarna, a mhʼanamh; chomh fada agus mairim molfaidh mé an Tiarna: dá fhad agus is ann dom seinnfidh mé moladh do mo Dhia.
2Ná cuir bhur muinín i bhflatha, ná in aon duine den Ádhamhchlann: óir ní cuidiú a gcuidiúsan.
3Óir nuair an fhágas an anáil an duine bíonn sé ansin ag déanamh cré: agus téann a smaointe uile ar neamhní.
4Is beannaithe a mbíonn Dia Iácóib aige mar chabhair: agus a mbíonn dóchas aige as a Thiarna Dia.
5A rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus a bhfuil inti: a choinníos a ghealltanas go deo.
6A thugann a gceart don dream a fhulaingíos an éagóir: a thugann bia don ocrach.
7Scaoileann an Tiarna na daoine as príosún: tugann an Tiarna an t‑amharc do na daill.
8Cuidíonn an Tiarna leis an drong a thiteas: tugann an Tiarna aire do na fíréin.
9Tugann an Tiarna aire do na coimhthígh; cosnaíonn sé an dílleachta agus an bhaintreach: dála slí lucht na nduáilcí, iompaíonn sé bun os cionn í.
10Is é do Thiarna Dia, a Shíóin, is Rí ann go deo: agus ó ghlúin go chéile.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 146: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965