Na Sailm 141
141
Salm 141.
Domine, clamavi.
1A Thiarna, is ort a ghlaoim, deifrigh chugam: agus tabhair aire do mo ghlór nuair a ghlaoim ort.
2Bíodh mʼurnaí á toirbhirt faoi do shúil mar an túis: agus bíodh ardú mo lámh ina íobairt nóna.
3Cuir faire, a Thiarna, ar mo bhéal: coimeád comhla mo bheola.
4Nár claona mo chroí chun oilc ar bith: ná nach raibh lámh agam in oibreacha míchráifeachta i gcuideachta lucht cleachtaithe na hurchóide, ná nach raibh a dtaitníonn leo á ithe agam.
5Ach buaileadh an fíréan buille carad orm: agus tugadh sé achasán dom.
6Nár dhiúltaí mo cheann a n‑íocshláinte mhór luachmhar: ach dála lucht an oilc, beidh mé ag síorghuí in aghaidh a n‑urchóide.
7Go raibh a mbreithiúna á gcaitheamh anuas sa chreagán: ionas go gcluine siad mo bhriathra, ós binn iad.
8Tá ár gcnámha ina luí scaptha faoi bhéal an phoill: mar adhmad á scoilt agus á shnoí ar an talamh.
9Ach is leat a bhíos mo shúil, a Thiarna Dia: is asat a bhíos mo mhuinín, ná caith mʼanam uait.
10Bí do mo chosaint ar an dol atá curtha acu romham: agus ar líonta lucht na míghníomhartha.
11Titeadh an drong lochtach ina líonta féin go huile: ach bí do mo thabhairt slán astu uile.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 141: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965