Na Sailm 142
142
Salm 142.
Voce mea ad Dominum.
1Ghlaoigh mé os ard ar an Tiarna: is ar an Tiarna a chuir mé mʼachainí.
2Dhoirt mé mo ghearáin roimhe: agus nocht mé dó fáth mo bhuartha.
3Nuair a bhí mo sprid faoi thuirse bhí eolas mo chosáin agat: sa tslí a shiúlainn chuireadar dol romham os íseal.
4Dʼamharc mé ar mo láimh dheas: agus ní raibh aon duine ann a ligfeadh air go raibh aithne aige orm.
5Ní raibh bealach éalaithe agam: ná ní raibh duine ann ar mhiste leis faoi mʼanam.
6Ghlaoigh mé ort, a Thiarna, agus dúirt mé: Is tú mo dhóchas, agus mo chuid ar thalamh na mbeo.
7Tabhair aire do mo ghearán: óir is íseal a tugadh mé.
8Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna: óir is treise leo ná liom.
9Tabhair mʼanam as an gcarcair, go dtuga mé buíochas le dʼAinm: agus má thugann tú an t‑iarratas sin dom, beidh na fíréin ag iarraidh mo chuideachta.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 142: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965