Na Sailm 138
138
Salm 138.
Confitebor tibi.
1Tabharfaidh mé buíochas leat, a Thiarna, ó iomlán mo chroí: seinnfidh mé do mholadh os comhair na ndéithe.
2Adharfaidh mé i dtreo do theampaill naofa, agus molfaidh mé dʼAinm, as ucht do charthanachta grámhaire agus as ucht dʼfhírinne: óir dʼardaigh tú dʼAinm, agus do bhriathar, os cionn a bhfuil ann.
3Nuair a ghlaoigh mé ort, thug tú cluas dom: agus neartaigh tú go mór le mʼanam.
4Beidh ríthe an domhain do do mholadh, a Thiarna: ó chualadar briathra do bhéil.
5Is é a bheas á chanadh acu ar shlite an Tiarna: feabhas glóire an Tiarna.
6Óir dá airde é an Tiarna, bíonn aird aige ar an drong úirísil: agus fanann sé fad a amhairc ó dhream an díomais.
7Siúd is go siúlaim i lár an bhuartha, tabharfaidh tú sólás dom: sínfidh tú do lámh uait ar mhire mo naimhde, agus beidh do lámh dheas do mo shlánú.
8Rachaidh an charthanacht ghrámhar a bhíos ag an Tiarna dom i dtairbhe dom: is deimhin go maireann do thrócaire, a Thiarna, go síoraí; nár bheag leat é a rinneadh le do láimh féin.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 138: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965