Na Sailm 137
137
Salm 137.
Super flumina.
1Ar bhruach aibhneacha Bhaibilóin shuíomar síos agus chaoineamar: nuair a chuimhníomar ort, a Shíóin.
2Dála ár gcláirseach, chrochamar iad: ar na crainn atá ansin.
3Óir dʼiarr an drong a thug i mbroid sinn amhráin agus seinm ceoil orainn, agus sinn go tromchroíoch: Canaigí dúinn amhrán de chuid Shíóin.
4Conas a chanfaimid amhrán an Tiarna: ar thalamh choimhthíoch?
5Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsalem: déanadh mo dheaslámh dearmad dá clisteacht.
6Mura gcuimhním ort, ceangladh mo theanga de mo charball: gan amhras, murab é Iarúsalem is ansa liom in am mo lúcháire.
7Cuimhnigh ar chlann Édoim, a Thiarna, lá Iarúsalem: mar a dúradar, Leagaigí é, leagaigí é go lár agus go lántalamh.
8A iníon Bhaibilóin, beidh tú do do shnoí le hainnise: agus is aoibhinn don té a dhéanfas leat mar rinne tú linn.
9Is beannaithe a fhaigheann greim ar do chlann: agus a gcaitheamh in éadan na gcloch.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 137: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965