Na Sailm 106
106
Salm 106.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíochas leis an Tiarna, ar a mhaitheas: agus ar son a thrócaire a mhaireas de shíor.
2Cé lér féidir gníomhartha uaisle go léir an Tiarna a chur i dtuiscint: ná ábhair uile a mholta a lua?
3Is beannaithe an drong a bhíos ag síorchleachtadh an chirt: agus ag cur na fíréantachta i ngníomh.
4Cuimhnigh orm, a Thiarna, agus bí go maith dom mar is maith tú le do phobal: tar chugam le do shlánú;
5Go bhfeice mé suairceas do dhaoine tofa: agus go mbí aoibhneas do phobail ag déanamh aoibhnis dom, agus go dtuga mé buíochas mar aon led oidhrí.
6Pheacaíomar mar pheacaigh ár sinsear romhainn: rinneamar an ní nár cheart, ba urchóideach ár ngníomhartha.
7Ní thug ár sinsear aird ar dʼfhearta san Éigipt, ná níor choinníodar cuimhne ar do mhórmhaitheas: ach ag dul in easumhlaíocht ort ag an muir, dá ngairtear an Mhuir Rua.
8Ach chuidigh sé leo ina dhiaidh sin as ucht a Ainm: ionas go mbʼfheasach don saol a chumhacht.
9Bhagair sé fós ar an Muir Rua, gur triomaíodh í: gur sheol sé iad thar grinneall na farraige, ionann ʼs dá mbeidís ag siúl an fhásaigh.
10Agus shlánaigh sé iad as láimh an áibhirseora: agus dʼfhuascail sé iad as láimh an namhad.
11Is thar lucht a mbuartha a chuaigh na tonnta: níor fágadh fear inste scéil.
12Chreideadar ansin a bhriathra uaidh: agus chuadar ag seinm a mholta.
13Ach i gcionn tamaill rinneadar dearmad dá oibreacha: agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14Ach tháinig ainmhian orthu san fhásach: agus chuireadar cathú ar Dhia ar shlí an uaignis.
15Agus thug sé ar iarradar dóibh: ach gur bhochtaigh sé a n‑anamacha dá bharr.
16Bhí éad orthu le Maois agus iad faoi na pubaill: agus le hÁrón, naomh Dé.
17Dá bhrí sin dʼfhoscail an talamh a bhéal, gur shlog sé Dátán: agus gur fholaigh sé comhthionól Abíraim.
18Agus fadaíodh an tine i measc a slua: agus loisc na lasracha an drong dhíchráifeach.
19Rinneadar lao i Hóreb: agus rinneadar an íomhá theilgthe a adhradh.
20Is amhlaidh a chuireadar an té ba ghlóir dóibh: i gcosúlacht le gamhain a itheas féar.
21Agus ba é a ndearmad Dia a Slánaitheoir: a rinne na mórghníomhartha úd san Éigipt;
22Agus na gníomhartha iontais i dTír Chaim: agus na gníomhartha uafáis chois na Mara Rua.
23Bhí sé á rá dá bhrí sin, go scriosfadh sé iad, murab é gur sheas Maois, a dhuine tofa, roimhe sa bhearna: le dásacht a fheirge a thiontú i leataobh, ionas nach scriosfadh sé iad.
24Ba bheag leo go deimhin an tír aoibhinn úd: agus níor thugadar creideamh dá bhriathar;
25Ach ag monabhar ina bpubaill: gan éisteacht le glór an Tiarna.
26Thóg sé ansin a lámh orthu: lena gcur ar lár san fhásach;
27Lena sliocht a spré i measc na náisiún: agus lena scaipeadh ar fuaid na dtíortha.
28Cheanglaíodar cumann le Báal Péór: agus dʼitheadar íobairtí na marbh.
29Is amhlaidh a dʼfhadaíodar a fhearg lena n‑oilbhéasa féin: agus ba thromh a luigh an phlá orthu.
30Bʼansin a dʼéirigh Phinéas amach agus a chuir sé an breithiúnas i ngníomh: agus is amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31Agus measadh sin mar fhíréantacht dó: ag sliocht na sliocht go deo.
32Chuireadar fearg air ag tobar an chlampair: gur chuir sé pionós ar Mhaois ar a son;
33De bhrí gur chuireadar corraí ar a intinn: ionas gur labhair sé go míchomhairleach lena bhéal.
34Níor scriosadar na págánaigh ach oiread: mar dʼordaigh an Tiarna dóibh;
35Ach chuadar tríd na págánaigh: agus dʼfhoghlaimíodar a n‑oibreacha.
36Ionas gur adhradar a n‑íola, rud a chuir ar shlí a n‑aimhleasa iad: ó rinneadar a mic agus a iníonacha íobairtí do na deamhain;
37Agus fuil neamhchiontach, fuil a mac agus a n‑iníon a dhoirteadh: a dʼíobradar dʼíola Chánáin gur truaillíodh an tír le fuil;
38Is amhlaidh a fuaireadar smál óna n‑oibreacha féin: agus a chuadar le stríopachas i ndiaidh ar samhlaíodh dóibh féin.
39Fadaíodh fearg Dé dá bhrí sin in aghaidh a phobail féin: ar mhodh gur ghráin leis a oidhreacht.
40Agus thug sé iad ar láimh na bpágánach: agus bhí lucht a bhfuatha ina dtiarnaí os a gcionn.
41Chuir a naimhde iad faoina gcosa: agus bhíodar faoina smacht.
42Is minic a dʼfhuascail sé iad: ach gur éiríodar i dtréas air lena samhlaíochta féin, agus go dtug a n‑olc féin anuas iad.
43Ina dhiaidh sin, nuair a chonaic sé a mbuaireamh: dʼéist sé lena ngearán.
44Chuimhnigh sé ar a chonradh, agus bhí trua aige dóibh, de réir méid a thrócaire: agus go deimhin thug sé ar an dream a rinne braighde díobh trua a bheith acu dóibh.
45Fuascail sinn, a Thiarna ár nDia, agus cruinnigh sinn ó bheith i measc na bpágánach: go dtugaimid buíochas dod Ainm naofa, agus go mbí do mholadh á mhaíomh againn.
46Go mbeannaítear don Tiarna Dia Iosrael ón síoraíocht agus go saol na saol: agus abradh na daoine go léir, Áiméan.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 106: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965