Na Sailm 105
105
Salm 105.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíochas leis an Tiarna, agus glaoigí ar a Ainm: insígí do na daoine a ndearna sé.
2Bíodh sé mar ábhar amhrán, agus bíodh sé á mholadh agaibh: agus bígí ag caint ar a oibreacha iontacha.
3Ba é a Ainm naofa cúis bhur lúcháire: odh áthas croí ar lucht iarrtha an Tiarna.
4Iarraigí an Tiarna agus a chumhacht: iarraigí a ghnúis go deo.
5Cuimhnígí ar a ndearna sé dʼoibreacha iontacha: ar a fhearta agus ar bhreitheanna a bhéil.
6A Shíl Abrachaim, a sheirbhíseach: a chlann Iácóib, a fhear tofa.
7Is é an Tiarna ár nDia é: bíonn a bhreithiúnais ar fuaid an domhain.
8Ba chuimhneach leis riamh a chonradh agus a ghealltanas: a rinne sé le míle glún;
9An conradh a cheangail sé le hAbracham: agus an mhóid a mhionnaigh sé dʼÍsaac;
10A dʼainmnigh sé mar dhlí do Iácób: agus mar thiomna síoraí dʼIosrael;
11Is é a dúirt sé, Is duit a thabharfaidh mé Tír Chanáin: roinn bhur n‑oidhreachta;
12Nuair nach rabhadar ach beagán ann: agus iad ina gcoimhthígh sa tír;
13Nuair a dʼimídís ó náisiún go chéile: ó ríocht amháin go bunadh eile;
14Níor lig sé dʼaon duine dochar a dhéanamh dóibh: ach ag bagairt ar ríthe féin ar a son;
15Ná bainigí dom ungthaigh: agus ná déanaigí dochar dom fháithe.
16Ghlaoigh sé ansin ar an ngorta isteach chun na tíre: agus lón an aráin a chuir sé i gceal.
17Ach bhí an duine curtha aige rompu: mar tá Iósaf, a dhíoladh mar dhaor;
18Ar gortaíodh a chosa sa cheap: fuair an t‑iarann greim ar a anam;
19Go dtáinig an t‑am a fuarthas fios fátha a chúise: ar féachadh é le briathar an Tiarna.
20Cuireadh fios ón rí á fhuascailt: scaoil prionsa an phobail a cheann leis.
21Rinne sé tiarna de os cionn a theaghlaigh: agus maor de os cionn a mhaoine;
22Ionas go múinfeadh sé a thoil dá mhaithe: agus go múinfeadh sé eagna dá sheanadóirí.
23Tháinig Iosrael isteach san Éigipt: agus bhí Iácób ina choimhthíoc i dtír Chaim.
24Agus mhéadaigh sé go mór a phobal: agus rinne sé níos láidre ná a naimhde iad;
25Ar athraigh a gcroí, go dtugadar fuath dá phobal: agus go ndearnadar feall ar a sheirbhísigh.
26Ba ansin a chuir sé uaidh Maois a sheirbhíseach: agus Árón an fear a thogh sé.
27Thaispeánadar san a chomharthaí ina measc: agus iontais i dtír Chaim.
28Chuir sé dorchadas chucu, agus bhí sé dorcha: ach ní móide a dʼumhlaíodar dá bhriathar.
29Thiontaigh sé a n‑uiscí ina bhfuil: agus mharaigh sé a n‑iasc.
30Thug a dtalamh uaidh loscainn: go fiú i seomraí a ríthe.
31Labhair sé an focal, agus tháinig cuileoga de gach cineál: agus míola ina gcónaithe uile.
32Thug sé clocha sneachta in ionad báistí dóibh: agus lasracha tine ar fuaid a dtíre.
33Bhuail sé a gcraobhacha fíniúna agus a gcrainn fhige: agus scrios sé a raibh de chrainn idir a limistéirí.
34Labhair sé an focal, agus tháinig na dreoláin teaspaigh, agus péisteanna capaill gan áireamh: gur itheadar a raibh dʼfhéar sa tír, agus gur shlogadar torthaí a dtalaimh.
35Bhuail sé gach céadghin clainne ina dtír: an mhéid ab fhearr agus ba láidre orthu.
36Thug sé amach faoi airgead agus faoi ór iad: duine lag ní raibh ina dtreibheanna.
37Bhí lúcháir ar an Éigipt ag imeacht dóibh: óir is orthu bhí an eagla rompu.
38Spréigh sé an néal os a gcionn mar chumhdach: agus an tine a thabharfadh solas san oíche.
39Chuir sé na gearra goirt chucu ar a n‑achainí: agus líon sé dʼarán neimhe iad.
40Scoilt sé an charraig chloiche gur sciord na huiscí aisti amach: gur rith na haibhneacha sna háiteanna tirime.
41Agus cad chuige? De bhrí gur chuimhnigh sé ar a ghealltanas naofa: agus ar Abracham a sheirbhíseach.
42Agus thug sé amach a phobal le lúcháir: agus a mhuintir tofa le gairdeas;
43Agus thug sé dóibh tailte na bpágánach: agus shealbhaíodar saothraithe na ndaoine.
44Ionas go gcoinneoidís a reachta: agus go dtugaidís aire dá dhlíthe.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 105: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965