YouVersion Logo
تلاش

Matha 3

3
1Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea, 2g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh. 3Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se,
Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach,
Ullmhuighidh slighe an Tighearna,
Déanaidh a chosáin díreach.
4Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige. 5Do chuaidh Iarúsalem amach chuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus lucht an cheanntair mór‐thimcheall Iórnáin, 6agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh. 7Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht? 8Ar an adhbhar sin, tabhraidh toradh uaibh bhéas de réir na h‐aithrighe; 9agus ná h‐abraidh ’n‐bhúr n‐aigne: Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh gur féidir le Dia clann do thógáil d’Abracham de na clochaibh seo. 10Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh. 11Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige, 12agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.
13Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é. 14Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir.
15Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin. 16Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air: 17agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.

موجودہ انتخاب:

Matha 3: ATN1951

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔