YouVersion Logo
تلاش

Matha 2

2
1Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem, 2agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh. 3Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith. 4Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost. 5Agus adubhradar‐san leis, I mBeithil Iúdaea, óir is mar sin atá scríobhtha ag an bhfáidh:
6Agus tusa, a Bheithil, a thalamh Iúda,
Ní tusa is lugha ar cheann‐phortaibh Iúda,
Óir is asat thiocfas an taoiseach,
Dhéanfas aodhaireacht ar Israel, mo phobal.
7Annsin do ghlaodh Ioruath na draoithe ós íseal chuige, agus d’fhiafruigh sé dhíobh go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánadh an réalta dhóibh. 8Agus do chuir sé go Beithil iad, agus adubhairt sé, Imthighidh, agus cuarduighidh go dícheallach an leanbh, agus nuair do‐gheobhaidh sibh tuairisc air, innisidh dhamh‐sa é, chum go dtéighead féin, agus go n‐adhrad é. 9Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh. 10Nuair do chonnacadar an réalta tháinig luthgháir mhór orta. 11Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. 12Annsin tugadh foráileamh i n‐aisling dóibh gan filleadh ar Ioruath, agus do chuadar bóthar eile ar ais chum a dtíre féin.
13Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte. 14Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé do’n Éigipt. 15D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.
16Annsin, nuair do chonnaic Ioruath gur mheall na draoithe é, do bí sé le cúthach, agus do chuir sé amach scriosairí, agus do mharbh sé a raibh de chlannmhac dhá bhliadhain nó fá n‐a bhun i mBeithil agus san dúthaigh do bhain léi, de réir an ama d’innis na draoithe dhó. 17Annsin do cóimhlíonadh na briathra adubhairt Ieremias fáidh:
18Do‐chualathas guth i Ráma,
Gol agus an‐olagón:
Ráchél ag caoineadh a clainne,
Agus níórbh áil léi sólás do ghlacadh
Toisc gan iad bheith ar fagháil.
19Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt, 20agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis. 21Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel. 22Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé, 23agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.

موجودہ انتخاب:

Matha 2: ATN1951

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔