YouVersion logo
Dugme za pretraživanje

Salm 150

150
Mórmholadh Dé
1 Alleluia.
Molaigí Dia ina ionad naofa!
Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta!
2Molaigí é as ucht a éachtaí!
Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!
3Molaigí é le séideadh an stoic!
Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach!
4Molaigí é le teampán is le rince!
Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb!
5Molaigí é le clagarnach na gciombal!
Molaigí é le ciombail chlingíneacha!
6An uile dhúil bheo dá bhfuil ann,
moladh sé an Tiarna! Alleluia.

Trenutno izabrano:

Salm 150: ABN2012

Istaknuto

Kopiraj

Uporedi

Podeli

None

Želiš li da tvoje istaknuto bude sačuvano na svim tvojim uređajima? Kreiraj nalog ili se prijavi