Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh, imthigh romhad síos; óir do phobal, noch thug tú amach as crích na Hégipte, do thruáilligheadar íad féin:
Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do rinnéadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do íodhbradar dhó, agus a dubhradar, Is íad so do dhéesi, ó a Israel, noch thug thu amach as crích na Hégipte.