Iób 8
8
Is Cóir é Dia
1Dʼfhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt:
2An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat?
Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
3An gclaonann Dia an ceart?
An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?
4Má pheacaigh do chlann ina aghaidh
Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.
5Má théann tú faoi choimirce Dé,
Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,
6Má bhíonn tú íon ionraic,
Ansin músclóidh sé ar do shon,
Agus deiseoidh sé áitreabh dʼfhíréantachta.
7Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,
Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.
8Cuir ceist ar an nglúin a dʼimigh romhat,
Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear–
9Fás aon lae sinne, gan aon eolas;
Níl inár ré ar talamh ach scáil–
10Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat,
Agus briathra mar seo á rá ó chroí:
11An bhfásann an phaipir gan bhogach?
An mbláthaíonn geitirí gan uisce?
12Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise,
Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.
13A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé,
Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal
14Níl ina mhuinín ach tráithnín,
Agus ina mhisneach ach líon damhán alla.
15Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé.
Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.
16Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin,
Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.
17Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch,
Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha.
18Fuadaigh as a leaba é,
Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.
19Tiormaíonn [an ghrian] é, féach,
Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh.
20Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan,
Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.
21Beidh cár gáire ort athuair
Agus beidh lúcháir ar do bheola.
22Beidh náire mar bhrat ar lucht dʼfhuatha
Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.
Nu geselecteerd:
Iób 8: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.