Iób 6

6
Aige Féin is Fearr a Fhios cá Luíonn an Bhróg
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2Uch gan mo dhoilíos á mheá,
Agus gan mʼanró go léir a chur sa mheá le chéile.
3Ba throime é ná gaineamh na trá
–Sin é a chuir mo bhriathra le buile.
4Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam,
Agus mo spiorad ag diúl a nimhe.
Tá uafáis Dé in eagar i mʼaghaidh.
5An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar?
Nó an damh búir os cionn a choda?
6An n‑itear bia leamh gan salann?
Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh?
7Diúltaíonn mʼanam a shuaimhneas a cheapadh;
tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.
8Uch nach gcomhlíontar mʼachainí!
Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom!
9Go mba thoil le Dia mé a bhascadh,
Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.
10Bheadh sé fós mar shólás agam–
Agus bheinn daingean i bpian gan taise–
Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
11Ach cén neart atá ionam le feitheamh?
Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach?
12An é neart na gcloch mo neart?
An cré-umha í mʼfheoil?
13Níl cabhair fágtha ionam,
Agus dʼimigh gach tuiscint uaim dá réir sin.
14Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas,
tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.
15Is fealltach iad mo chairde mar an tuile,
Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;
16Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir,
Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu.
17Nuair a thagann an teas, téann siad in éag;
Sa bhrothall téann siad ar ceal.
18Téann na carbháin as a mbealach á lorg,
Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad.
19Bíonn carbháin Théamá ag súil leo,
Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.
20Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu;
Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.
21A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach,
Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.
22An ndúirt mé libh: “Tugaigí dom!”
Nó: “Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!”
23Nó: “Fuasclaígí mé ó láimh an namhad.”
Nó: “Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!”?
24Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost;
Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.
25Nach bríomhar iad briathra ionraice!
Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?
26An fiú libh focail a cháineadh,
Focail éadóchais a imíonn le gaoth?
27Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh,
Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.
28Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil.
Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal!
29Filligí orm anois agus ná déantar éagóir!
Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith.
30An bhfuil éitheach i mo bhéal?
Nach n‑aithneodh mo charball blas an mhí-áidh?

Nu geselecteerd:

Iób 6: ABN

Markering

Kopiëren

Vergelijk

Delen

None

Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in