Iób 4
4
Muinín as Dia
1Ansin dʼfhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
2Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis?
Ach cé a dʼfhéadfadh fanacht ina thost?
3Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú!
Do lámha laga thug tú neart.
4Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle;
Neartaigh tú na glúine laga.
5Anois is é do thuras féin é, agus theip ar dʼfhoighne.
Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.
6Nach bhfuil muinín agat as dʼfhíréantacht
Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?
7Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?
Cár milleadh lucht na córa?
8Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid
Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
9Scriosann anáil Dé iad,
Agus milleann racht dá fhearg iad.
10[Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin;
Bristear fiacla na gcoileán leoin.
11Cailltear an seanleon dʼuireasa creiche,
Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.
12Fuair mé focal, más ea, faoi choim,
Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.
13I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche,
Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,
14Tháinig scéin orm agus critheagla,
Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.
15Shleamhnaigh leoithne thar mʼaghaidh
Agus dʼéirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.
16Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;
Bhí scáil os comhair mo shúl.
Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:
17“An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?
An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?
18Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin;
Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
19Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré,
Arb é an luaithreach a mbunús,
A bhruítear mar an leamhan!
20Scriostar iad idir maidin agus nóin;
Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.
21Staitear [pionna] a mbotha
Agus faigheann siad bás dʼuireasa eagna.”
Nu geselecteerd:
Iób 4: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.