Iób 20

20
Níl aon Eisceachtaí
1Ansin dʼfhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin;
Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach;
3Is beag orm an teagasc a fuaireas,
Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm:
4Is eol [dom] seo ó na cianta,
Ó cuireadh an duine ar talamh:
5Gur gearr í caithréim an urchóidigh,
Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
6Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir
Agus go sroichfeadh a cheann na néalta,
7Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha;
Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”
8Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air.
Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
9An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh,
Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.
10Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais,
Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
11Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha,
Ach luífidh sé leis sa chré
12Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal,
Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
13Níor mhian leis scaoileadh léi
Ach moill a chur uirthi ina bhéal.
14Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile,
Déanann nimh nathrach de ina bholg.
15An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag;
Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.
16Déanann sé nimh nathrach a dhiúl;
Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.
17Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola,
Ar shlaoda meala agus ime.
18Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair;
Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
19Óir réab sé botháin na mbocht,
Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.
20Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh,
Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].
21Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla,
Agus anois ní bheidh a chonách buan.
22Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall.
Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.
23(Nuair a líon sé a bholg...)
Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air,
Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.
24Má theitheann sé ón arm iarainn,
Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.
25Tiocfaidh an crann amach trína dhroim,
Agus an rinn trí mháilín a dhomlais.
Tá stór uafás i ndán dó.
26Agus tá an dorchadas go léir ar a thí.
Tá tine gan bhoilg lena alpadh;
Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.
27Nochtfaidh na flaithis a urchóid,
Agus éireoidh an talamh ina choinne.
28Scuabfaidh díle a theach ar shiúl,
Mar thuile lá na feirge.
29Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé
Agus oidhreacht a uaille ó Dhia.

Nu geselecteerd:

Iób 20: ABN

Markering

Kopiëren

Vergelijk

Delen

None

Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in