Iób 10
10
1Is beag orm mo bheo.
Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán,
Labhróidh mé ó shearbhas mʼanama.
2Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé!
Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i mʼaghaidh.
3An gean leat bheith do mo chiapadh,
Bheith ag maslú saothar do lámh,
Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
4An bhfuil súile daonna i do cheann?
An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine?
5An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna?
Agus do bhlianta mar bhlianta an duine?
6A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca,
Agus ar lorg mo choire,
7Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach,
Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
8Do lámha a chum agus a cheap mé,
Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?
9Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré
Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom?
10Nár dhoirt tú amach mé mar bhainne
Agus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?
11Chuir tú brat craicinn agus feola tharam,
Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
12Bhronn tú beatha agus buanghrá orm
Agus caomhnaigh tú mʼanam le barr cúraim.
13Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí,
Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:
14Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm
Agus gan mo choir a mhaitheamh dom.
15Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé!
Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann,
Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
16Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon,
Agus déanann tú iontais nua i mʼaghaidh.
17Tugann tú finnéithe nua i mo choinne
Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom.
Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.
18Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé?
Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm,
19Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh,
Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh.
20Nach suarach iad laethanta mo bheatha?
Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam,
21Sula n‑imím, imeacht gan teacht,
Go tír an dorchadais agus scáil an bháis,
22Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh,
Scáil an bháis gan eagar,
Arb dorchadas tiubh a ghile
Agus nach bhfeiceann solas na beatha.
Nu geselecteerd:
Iób 10: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.