Má chuireann tú do chroí in ord,
Agus do lámha a leathadh chun Dé–
Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,
Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth–
Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air,
Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.