1
Marcas 4:39-40
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”
तुलना
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:39-40
2
Marcas 4:41
Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:41
3
Marcas 4:38
Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:38
4
Marcas 4:24
Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:24
5
Marcas 4:26-27
Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n‑éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:26-27
6
Marcas 4:23
Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!”
अन्वेषण गर्नुहोस् Marcas 4:23