YouVersion လိုဂို
ရှာရန် အိုင်ကွန်

Na Sailm 3

3
Salm 3.
Domine, quid multiplicati?
1A Tiarna, conas a méadaíodh lucht mo bhuartha: is iomaí duine ag éirí amach im éadan.
2Is iomaí duine á rá i dtaobh mʼanma: ní cabhair ar bith dó a Dhia.
3Ach is tusa, a Thiarna, mo chosantóir: is tú a thuilleas clú dom agus a thógas mo cheann.
4Ghlaoigh mé ar an Tiarna os ard: agus chuala sé mé amach as a shliabh naofa.
5Chuaigh mé a chodladh, agus dʼéirigh mé arís: óir dob é an Tiarna a chothaigh mé.
6Ní eagal liom deich míle de na daoine: agus iad dom ionsaí ó gach taobh.
7Éirigh, a Thiarna, cuidíodh mo Dhia liom: ó bhuaileann tú mo naimhde uile ar chnámh an ghéill; tá fiacla lucht an oilc briste agat.
8Is leis an Tiarna an slánú: agus bíonn do bheannacht ar do mhuintir.

လက်ရှိရွေးချယ်ထားမှု

Na Sailm 3: OC1965

အရောင်မှတ်ချက်

မျှဝေရန်

ကူးယူ

None

မိမိစက်ကိရိယာအားလုံးတွင် မိမိအရောင်ချယ်သောအရာများကို သိမ်းဆည်းထားလိုပါသလား။ စာရင်းသွင်းပါ (သို့) အကောင့်ဝင်လိုက်ပါ