Na Sailm 76

76
Salm 76.
Notus Iudaea.
1Is aiṫnid Dia in Iúda: is mór a Ainm in Iosrael.
2Is i Salem atá a ṗailliún: agus is i Síón atá a ċónaí.
3Ba ansin a ḃris sé saiġeada an ḃoġa: an sciaṫ agus an claíoṁ agus an caṫ.
4Is glórṁar cuṁaċtaċ ṫú: nuair a ṫagann tú ó ṡléiḃte na gcreaċadóirí.
5Rinneaḋ creaċ ar luċt an uaḃair, agus ṫit a gcodlaḋ orṫu: agus na fir uile is láidir láṁ, ní ḟuaireadar aon ní.
6Led aċasán, a Ḋia Iácóib: ṫit an carbad agus an t‑eaċ ar aon.
7Is tú féin is ineaglaiṫe: agus cé a ṡeasfaḋ id aṁarc nuair a ḃíos fearg ort?
8Dʼḟoilsiġ tú do ḃreiṫiúnas ó neaṁ: ċriṫ an talaṁ agus dʼḟan sé socair,
9Nuair a dʼéiriġ Dia do ṫaḃairt breiṫiúnais: agus do ċuidiú le daoine ceansa ui le an talaiṁ.
10Déanfaiḋ dásaċt an duine tú a ṁolaḋ: agus cuirfiḋ tú srian lena ndásaċt.
11Geallaigí do ḃur dTiarna Dia, agus coṁlíonaigí ḃur ngealltanas, a ḋream a ḃíos ina ṫimpeall: tugaigí taḃartais ċuig an té is ineaglaiṫe.
12Cuirfiḋ sé srian le sprid na ḃflaṫ: agus is iontaċ é i measc ríṫe an talaiṁ.

നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:

Na Sailm 76: OC1965G

ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക

പകർത്തുക

താരതമ്യം

പങ്ക് വെക്കു

None

നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക