Na Sailm 75

75
Salm 75.
Confitebimur tibi.
1Tugaimidne buíoċas leat, a Ḋia: is duit a ṫugaimid buíoċas.
2Tá dʼAinm i ḃfogas: mar ḟoilsíonn dʼoibreaċa iontaċa.
3San am ainmniṫe, deir Dia: taḃarfaiḋ mé breiṫiúnas de réir ċirt.
4Is lag an talaṁ, agus a áitreaḃaiġ uile: is mé ċoinníos a ċolúna ina seasaṁ.
5Dúirt mé leis na hamadáin, Stadaigí de ḃur ngníoṁarṫa mire: agus le luċt an oile, Ná tógaigí ḃur n‑aḋarc.
6Ná tógaigí ḃur n‑aḋarc in airde: agus ná laḃair go cruaṁuineálaċ.
7Óir ní anoir ná aniar a ṫagann an t‑ardú: ná aneas féin.
8Agus cad ċuige? Is é Dia is breiṫeaṁ ann: cuireann sé síos duine aṁáin, agus tógann sé duine eile.
9Óir tá cupán i láiṁ Dé, faoi ḟíon ḋearg: tá sé lánṁeascṫa, agus tá sé ag doirteaḋ as.
10Is é tá i ndán dá ḋríodar: go mbeiḋ luċt oile uile an talaiṁ á ól agus á ḋiúl.
11Aċ beiḋ mise ag laḃairt ar Ḋia Iácóib: agus á ṁolaḋ go deo.
12Agus brisfiḋ mé aḋarca uile luċt an oilc: agus ardófar aḋarc a na ḃfíréan.

നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:

Na Sailm 75: OC1965G

ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക

പകർത്തുക

താരതമ്യം

പങ്ക് വെക്കു

None

നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക