Salm 2

2
Réimeas Chríost Rí
1Cad fáth a bhfuil na ciníocha dá suaitheadh
agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?
2Éiríonn ríthe na cruinne,
agus déanann na flatha comh-cheilg le chéile
in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
3“Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha
agus caithimis uainn a ngeimhle!”
4An té atá ar neamh, déanann sé gáire:
déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
5Labhraíonn sé ansin leo go feargach;
cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:
6“Chuir mise mo rí féin i réimeas
ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”
7Foilseoidh mé reacht an Tiarna.
“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,
“inniu is ea a ghin mé thú.
8Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit
agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
9Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;
brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”
10Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;
aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
11Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla
agus tugaigí ómós dó go creathnach,
12 sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal
nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.
Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.

선택된 구절:

Salm 2: ABN2012

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요

YouVersion은 여러분의 경험을 개인화하기 위해 쿠키를 사용합니다. 저희 웹사이트를 사용함으로써 여러분은 저희의 개인 정보 보호 정책에 설명된 쿠키 사용에 동의하게 됩니다