Salm 1

1
An Chéad Leabhar
Fíorshonas
1Is aoibhinn don fhear nach leanann
de chomhairle lucht na héagráifeachta;
nach seasann i slí na bpeacach,
agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;
2ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,
agus a dhéanann machnamh air de lá agus dʼoíche.
3Is cosúil an duine sin le crann
a plandaíodh ar bhruach na habhann,
a thugann a thoradh go tráthúil
agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche.
Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
4Ní hamhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!
ach mar cháith a scaiptear le gaoth.
5Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas
ná na peacaigh i gcomh-thionól na bhfíréan.
6Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,
ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.

선택된 구절:

Salm 1: ABN2012

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요

YouVersion은 여러분의 경험을 개인화하기 위해 쿠키를 사용합니다. 저희 웹사이트를 사용함으로써 여러분은 저희의 개인 정보 보호 정책에 설명된 쿠키 사용에 동의하게 됩니다