Na Sailm 18

18
Salm 18.
Diligam te, Domine.
1Beiḋ grá agam duit, a Ṫiarna mo neart: is é an Tiarna mo ċarraig ċloiċe, agus mo ḋaingean cosanta:
2Mo ṡlánaiṫeoir, mo Ḋia, agus mo ċuṁaċt, as a mbeiḋ mo ḋóċas: mo sciaṫ, agus aḋarc mo ṡlánaiṫe, agus mo ḋídean.
3Glaofaiḋ mé ar an Tiarna, an té is fiú a ṁolaḋ: is aṁlaiḋ a saorfar ó mo naiṁde mé.
4Ḃí arraingeaċa an ḃáis do mo ṫimpeallú: agus ḃí tonnta báite na diaḃlaíoċta do mo scanrú.
5Ṫáinig pianta ifrinn i mo ṫimpeall: ḃí dola an ḃáis ag breiṫ orm.
6Ġlaoiġ mé i mo ḃuaireaṁ ar an Tiarna: agus rinne mé mo ġearán le mo Ḋia.
7Agus ċuala sé mo ġlór as a ṫeampall naofa: agus ṫáinig mo ġearán roiṁe, agus fuair sé éisteaċt uaiḋ.
8Ċreaṫnaiġ agus ċuṁscaiġ an talaṁ: baineaḋ criṫ agus bogaḋ as buna na sléiḃte féin, de ḃrí go raiḃ fearg air.
9Ċuaiġ toit amaċ ina láṫair: agus tine ċraosaċ as a ḃéal, gur deargaḋ na haiḃleoga lena ṫeas.
10Ċlaon sé na spéarṫa fós, agus ṫáinig sé anuas: agus ḃí dorċadas faoina ċosa.
11Ḃí sé ag marcaíoċt ar ċearúibím, agus dʼeitil sé: ṫáinig sé ag eitilt ar sciaṫáin na gaoiṫe.
12Ba é an dorċadas a áit diaṁraċ: a ṗailliún ina ṫimpeall le huisce dorċa, agus néalta dlúiṫe lena ċuṁdaċ.
13Ḃí gile ina láṫair agus a néalta ag imeaċt roiṁe: cloċa sneaċta agus aiḃleoga tine.
14Ḃí an Tiarna ag déanaṁ toirní as neaṁ, agus toirneaċ á déanaṁ ag an Té is Airde: cloċa sneaċta agus aiḃleoga tine.
15Ċuir sé amaċ a ṡaiġeada agus scaip iad: ċaiṫ sé amaċ caorṫa tine agus scrios sé iad.
16Ċonacṫas toibreaċa an uisce, agus noċtaḋ buna an doṁain: le do ḃagairt, a Ṫiarna, nuair a ṡéid gaoṫ do ḋíḃeirge.
17Ċuir sé fios orm anuas ó na flaiṫis: agus ṫóg sé aníos mé as na tonnta tréana.
18Dʼḟuascail sé mé ó mo naṁaid láidir, agus ó luċt mʼḟuaṫa: óir ba ṫreise leo ná liom.
19Ṫángadar orm i lá mo ḃuarṫa: aċ ba é an Tiarna mo ċrann cosanta.
20Ṫug sé amaċ mé in áit ṡaoirse: ṫug sé slán mé, ar an áḃar go raiḃ dáiṁ aige liom.
21Ṫug an Tiarna luaċ saoṫair dom de ḃarr mʼḟíréantaċta: ċúitiġ sé glaine mo láṁ liom.
22De ḃrí gur ċoinniġ mé slite an Tiarna: agus nár ṫréig mé mo Ḋia, mar ṫréigeann fear an oilc é.
23Óir bíonn mo ṡúil ar a ḋlíṫe uile: agus ní ċaiṫfiḋ mé a aiṫeanta uaim.
24Agus ḃí mé gan ċlaon roiṁe: agus níor ġéill mé dom olc féin.
25Dá ḃrí sin ṫug an Tiarna luaċ saoṫair dom de ḃarr mʼḟíréantaċta: agus de ḃarr glaine mo láṁ in aṁarc a ṡúl.
26Beiḋ tú naofa le naoṁ: agus le fear foirfe beid tú foirfe.
27Beiḋ tú glan le luċt na glaine: agus foġlamóiḋ tú cealg ó luċt na ceilge.
28Óir saorfaiḋ tú luċt na hainnise: agus ísleoiḋ tú luċt an díomais.
29Agus lasfaiḋ tú fós mo ċoinneal: déanfaiḋ mo Ṫiarna Dia solas de mo ḋorċadas.
30Óir ruaigfiḋ mé slua fear má ḃíonn tusa liom: le cuidiú mo Ḋé léimfiḋ mé ṫar an mballa.
31Is slí gan smál í slí an Tiarna: dearḃófar briaṫar an Tiarna ins an tine; is é cosantóir an dreama é a ċuireas a ndóċas ann.
32Óir cé is Dia ann aċ an Tiarna: óir cé ag a ḃfuil cuṁaċt, murab é ár nDia é?
33Is é Dia a ċrioslaíos mé le neart ċun cogaiḋ: agus a ḋéanas mo ṡlí foirfe.
34Cuireann sé cosa fúm mar ċosa an ḟia: agus bíonn sé do mʼardú.
35Bíonn sé ag múineaḋ troda do mo láṁa: agus brisfiḋ mo ġéaga boġa na cruaċ.
36Ṫug tú dom mo ṡlánú ċun mo ċosanta: tógfaiḋ do deasláṁ mé, agus móróiḋ do smaċt gráṁar mé.
37Réiteoiḋ tú mo ḃealaċ roṁam: ionas naċ sleaṁnaí mo ċosa.
38Leanfaiḋ mé mo naiṁde, agus béarfaiḋ mé orṫu: agus ní ḟillfiḋ mé arís go scriosa mé iad.
39Buailfiḋ mé iad, go dtí naċ ḃféadfaiḋ siad seasaṁ: aċ iad ag titim faoi mo ċosa.
40Ċrioslaiġ tú mé le crógaċt caṫa: cuirfiḋ tú mo naiṁde faoi mo ċosa.
41Ṫug tú fós ar mo naiṁde a gcúl a ṫaḃairt dom: agus scriosfaiḋ mé luċt mʼḟuaṫa.
42Glaofaiḋ siad, aċ ní ḃeiḋ fear a gcuidiṫe ann: glaofaiḋ siad ar an Tiarna féin, aċ ní ċluinfiḋ sé iad.
43Criaṫróiḋ mé iad mar an deannaċ roiṁ an ngaoiṫ: caiṫfiḋ mé amaċ iad mar ċréafóg na sráideanna.
44Fuasclóiḋ tú mé ó ionsaiṫe na ndaoine: agus cuirfiḋ tú mé i gceannas na náisiún.
45Beiḋ cine nárḃ eol dom: ag déanaṁ seirḃíse dom.
46Ní luaiṫe a ċluinfiḋ siad tráċt orm ná uṁlóiḋ siad dom: beiḋ na coiṁṫíġ á n‑uirísliú féin roṁam.
47Beiḋ na coiṁṫíġ á gcloí: agus iad ag teaċt go criṫeaglaċ as a ndaingin.
48Maireann an Tiarna, agus go mbeannaítear do mo ċúntóir ċuṁaċtaċ: agus go moltar Dia mo ṡlánaiṫe.
49An Dia céanna a ḃaineas amaċ cúiteaṁ ar mo ṡon: agus a ċuireas na daoine faoi mo smaċt.
50Is é a ḟuasclaíos mé ó mo naiṁde míṫrócaireaċa, agus a ardaíos mé os cionn mʼeascairde: cuirfiḋ tú fear an oilc as mo ċosán.
51Dá ḃrí sin beiḋ mé á altú duit, a Ṫiarna, i measc na nGintliṫe: agus seinnfiḋ mé clú dʼAinm.
52Tugann sé mór‑raṫúnas dá rí: agus taispeánann sé carṫanaċt do Ḋáiḃí dá ungṫaċ, agus dá ṡíol go bráċ.

Áherslumerki

Afrita

Bera saman

Deildu

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in