Na Sailm 12

12
Salm 12.
Salvum me fac.
1Cuidiġ liom, a Ṫiarna, ó naċ ḃfuil fíréan fágṫa: ó ċuaiġ na fir ḟíora i laġad i measc Ṡíl Áḋaiṁ.
2Laḃraíonn gaċ duine díoṁaointeas lena ċoṁarsa: ní ḃíonn a mbéal aċ ag cur cluana, agus a gcroí cealgaċ ag cur i gcéill.
3Scriosfaiḋ an Tiarna gaċ béal bréagaċ: agus an teanga a ḃíos ag maíoṁ an díomais;
4Agus an dream a dúirt, Ġeoḃaiḋ ár dteanga an bua dúinn: tá cead cainte againn, cé atá ina Ṫiarna orainn?
5Aċ anois ó naċ ḃfaiġeann an dearóil faoiseaṁ ó ḃuaireaṁ: agus ó bíonn na boċtáin ag osnaíl ó ċroí.
6Éireoiḋ mé, a deir an Tiarna: agus fuasclóiḋ mé gaċ duine acu ón té éiríos ina aġaiḋ, agus taḃarfaiḋ mé suaiṁneas dó.
7Is briaṫra glana iad briaṫra an Tiarna: mar an airgead a ġlantar den ċré, agus a aṫloisctear faoi ṡeaċt sa tine.
8Coimeádann tú iad, a Ṫiarna: cuṁdóiḋ tú é ón aicme sin go bráċ.
9Níl áit naċ ḃfuil faoi ċosa luċt an oilc: nuair a éiríos siad in airde, cuirtear masla ar ċlann na ndaoine.

Áherslumerki

Afrita

Bera saman

Deildu

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in