YouVersion logo
Ikona pretraživanja

Genesis 4

4
Caibidil IV.
Geineadh Chaín agus Abel. 25 Geineadh Sheth agus na naomh úadh.
1Agus do luigh Adhamh ré na mhnáoi Eúbha; agus do thoirrcheadh í, agus rug sí Cáin, agus a dubhairt sí, Do ghnoghuidh mé duine ón DTIGHEARNA. 2Agus rug sí a ris a dhearbhrathair Abel. Agus do bhí Abel na áodhaire caorach, agus do budh críadhuire fhearuin Cáin. 3Agus accionn aithe tárla ann, go ttug Cáin leis do thoradh na talmhan ofrail don TIGHEARNA. 4Agus go tugg Abel, mar an ccéudna do chéidghinibh a thréuda agus da shault; agus do bhí meas ag an TTIGHEARNA ar Abel agus ar ofráil. 5Ach ní raibh suim aige a Ccáin, ná ann a ofráil. Agus do bhí Cáin lán dfheirg, agus datharruigh a dhealbh. 6Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Cáin, ciodh fá bfhuil tú feargach? agus créud far chláochluidh tú do chruth? 7Má ní tú go maith, nach nglacfuighthear thú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an péacadh na luighe ag an dorus, agus biáidh a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn. 8Agus do chomhráigh Cáin ré na dhearbhrathair Abel; agus tarla ann, a nuair do bhádar ar an machaire, gur éirigh Cáin súas a naghuidh Abel a dhearbhrathar, agus gur mharbh é. 9Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Cáin, Cáit a bhfuil do dhearbhrathair Abel? agus a dubhairt seision, ni fheidir misi sin: an misi coimheuduigh mo dhearbhrathar? 10Agus a dubhairt seision, Creud do rinne tú? atá guth fola do dhearbhrathar ag éighmhe ormsa as an ttalamh. 11Agus a nois ata tusa malluighe ón ttalamh, noch do osguil a beul do ghlacadh fola do dhearbhrathar as do láimh. 12A nuáir sháothrochus tú an talamh, ní thiubhra feasda a neart duit; ad theithmheach agus ad dheóruighe bhías tú annsa talamh. 13Agus a dubhairt Cáin ris an TTIGHEARNA, As mó mo phionús ná mar fhéuduim iomchar. 14Féuch, do dhíbir tú mé ó aghuidh na talmhan san ló a niugh; agus foileochar ód ghnúis mé, agus béad am theithmheach agus am dheóruighe annsa talamh, agus tiucfa as sin, gidh bé air bith theigeomhas riom, go muirfidh sé mé. 15Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Uime sin gidh bé ar bith mhuirfeas Cáin, do dhéuntar a sheachd noirid dioghaltuis air. Agus do chuir an TIGHEARNA comhartha ar Cháin, deagla áonduine ar na fhagháil go muirfeadh é. 16Agus do chuáidh Cáin amach as fiaghnuisi an TIGHEARNA, agus do áitribh sé a ttír Nod, táobh shoir do Eden. 17Agus do luigh Cáin ré na mhnáoi; agus do thoirrcheadh í, agus rug sí Enoch: agus do rinne cathair, agus tug aimn uirre do réir anma a mhic, Enoch. 18Agus do Enoch rugadh Irad: agus do ghein Irad Mehuiael: agus do ghein Mehuiael Metusael: agus do ghein Metusael Lamech. 19Agus tug Lamech días ban: áon díobh dar bhainm Adah, agus an dara bhean dar bainm Sillah. 20Agus rug Adah Iabal: do bé sin athair na druinge do chomhnuigheadh a bpuiblibh, agus na druinge gá mbí airnéis. 21Agus do bé ainm a dhearbrathar Iúbal: do bé sin athair na nuile do ghlacadh an chláirseach agus na horgáin. 22Agus Sillah, mar ann cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte a nuile fhir ceirde do niodh céardachd phráis agus íaruinn: agus do bí dearbhshíur Thúbal-Cáin Náamah. 23Agus a dubhairt Lamech ré na mhnáibh, Adah agus Sillah, Eisdigh ré mo ghlór a mhná Lamech, eisdigh rem chaint: óir do mharbhus duine chum mo lot, agus duine óg chum mo dhochair féin. 24Má dhioghaltar ar Cháin seachd noirid, go deimhin dioghaltar ar Lámech seacht agus seachdmhodhad oirid. 25Agus do luigh Adhamh ré na mhnáoi a rís; agus rug sí mac, agus tug Seth daínm air: Oir ar sisi, do órduigh Día dhamh síol eile a náit Abel, do marbhadh lé Cáin. 26Agus do Shéth, rugadh mac dhósan mar an ccéudna; agus Enos do ghoir dainm dhe: annsin do thosuigh dáoine gairm ar ainm an TIGHEARNA.

Trenutno odabrano:

Genesis 4: Bedell

Istaknuto

Podijeli

Kopiraj

None

Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj

YouVersion upotrebljava kolačiće za personalizaciju tvojeg iskustva. Upotrebom naše internetske stranice prihvaćaš našu upotrebu kolačića kako je opisano u našim Pravilima privatnosti