YouVersion logo
Ikona pretraživanja

Genesis 2

2
Caibidil II.
An seachdmhadh lá ar ná naomhughadh. 21 An pósadh ar na ordúghadh.
1Mar sin do chríochnuigheadh na neamhdha águs an talamh, agus a sluágh uile. 2Agus annsa seachdmhadh lá do chríochnuigh Día a obair noch do rinne sé; agus dó chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá ó na obair uile noch do rinne sé. 3Agus do bheannaidh Día an seachdmhadh lá, agus do náomhuigh é, do bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair noch do chrúthaidh Día agus do rinne sé. 4A síad so geinealaigh na neamhdha agus na talmhan a nuáir do cruthaigheadh íad, annsa ló ann ar chruthaidh an TIGHEARNA Día an talamh agus na neamhdha. 5Agus gach plannda don mhachaire suil do bhí sé annsá talamh, agus gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé: óir ní thug an TIGHEARNA Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do sháoithreóchadh an talamh. 6Ach do chuáidh ceó súas ón dtalamh, agus do fhliuch aghaidh na talmhan uile. 7Agus do chum an TIGHEARNA Día an duine do luáithreadh na talmhan, agus do shéid ann a phoill-sróna anál na beatha, agus táinig an duine chum bheith na anam beó. 8Agus do phlannduigh an TIGHEARNA Día gardhadh táobh shoir ann Eden; agus do chuir sé an duine do chum sé ann sin. 9Agus as an ttalamh do thug an TIGHEARNA Día ar gach uile chrann fás noch is taitneamhach don tsúil agus is maith chum bídh; crann na beatha mar an ccéudna a lár an gháirdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc. 10Agus do chuáidh abhann amach as Eden do fhliuchhadh an gháirdín agus do roinneadh as sin í, agus tainig ná cceithre cheannuibh. 11Ainm an chead Pison, a sí sin thig timchioll thíre Habhila uile, áit a bfuil ór, 12Agus is maith ór na tíre sin; atá an bdellium, agus an chloch ónix. 13Agus an dara habhann Gihon: isí sin thimchiollus tír na Hétiópia uile. 14Agus ainm an treas abhann Hidecel: a sí sin theid a táoibh shoir don Asiria. Agus an ceathramhadh abhann Euphrátes. 15Agus do ghlac an TIGHEARNA Día an duine, agus do chuir a ngáirdín Eden é, dá dheasúghadh agus dá chumhdach. 16Agus do aithin an TIGHEARNA Día don duine, ag rádh. Do thoradh gach uile chrainn annsa ghairdin féaduigh tu dithche go sáor: 17Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc, ní íosaidh tú dhe sin: óir ánnsa ló a níosa tú dhe éugfa tú go deimhin. 18Agus do ráidh an TIGHEARNA Día, Ní maith an duine bheith na áonar: do dhéuna mé cunghnamh dhó bhías iomchúbhaidh dhó. 19Agus as a ttalamh do chum an TIGHEARNA Día a nuile bheitheach an mhachaire, agus gach uile éun an aéir; agus tug leis chum Adhaimh íad dá fhéuchuin cread do ghoirfeadh sé dhíobh; agus gidh bé do ghoir Adhamh don uile chréatúir beó, a sé sin dob ainm dhó. 20Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire; ach do Adhamh ní fríth cunghnamh iomchubhuidh dhó. 21Agus tug an TIGHEARNA Día codladh trom do thuitim ar Adhamh, agus do choduil sé: agus do ghlac sé áon dá asuaibh, agus do dhruid sé an fheóil na áit sin; 22Agus an tasna, do bhean an TIGHEARNA Día as an duine, do chum sé bean de, agus tug sé chum an duine í. 23Agus a dubhairt Adhamh, A nois is cnáimh so dom chnámhuibhse, agus feóil dom fheóil; goirfighear bean di, do chionn gurab as an bhfear do bheanadh í. 24Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh da mhnáoi: agus béid na náoin fheóil. 25Agus do bhádar aráon lomnochd, an fear agus an bhean, agus ni raibh náire orra.

Trenutno odabrano:

Genesis 2: Bedell

Istaknuto

Podijeli

Kopiraj

None

Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj

YouVersion upotrebljava kolačiće za personalizaciju tvojeg iskustva. Upotrebom naše internetske stranice prihvaćaš našu upotrebu kolačića kako je opisano u našim Pravilima privatnosti