Maitiú 4

4
CAIBIDIOL IV.
Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá. – Fromhadh á dhéanamh air — É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh.
1Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal. 2Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.
3Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin. 4Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: #Deut. 8:3.Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé. 5Ansan do thóg an t-Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé ’n-a sheasamh ar spuaic an teampuill é. Agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: 6#Salm 90:11.Mar go dtug sé órdú d’á aingealaibh ad’ thaobh, agus glacfaid siad ’n-a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. 7Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: #Deut. 6:16.Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia. 8Ansan do rug an t-Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a ngradam;#4:8 Ver. 8. thaisbeáin sé dhó ⁊rl. — Do thaisbeáin sé dhó an treó baill i n-a raibh gach rígheacht, agus d’innis sé dhó na maitheasaí agus an t-eirdhearcas a bhí ins gach rígheacht díobh. Nú, ’n-a theannta san, do chuir sé os a chómhair macshamhail gach rígheachta dhíobh, fé mar a bheidís ar mhapa mhór leathan. 9Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh. 10Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: #Deut. 6:13.Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin. 11Ansan d’imthigh an t-Áirseóir uaidh, agus féach, tháinig na h-aingil agus dheineadar frithálamh air.
12Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí; 13Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. 14Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh: 15#Isáias 9:1.Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte: 16Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis. 17As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.
18Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus #Marc. 1:16; Lúc. 5:2.chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad), 19Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh. 20Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é. 21Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad. 22Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n-athair, agus do leanadar é.
23Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na #4:23 rígheachta .i. rígheachta na bhflathas, .i. Soisgéal an chreidimh a bhí le cur ar bun aige.rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine. 24Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. 25Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.

נבחרו כעת:

Maitiú 4: POL

הדגשה

שתף

העתק

None

רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו

YouVersion משתמש בקובצי Cookie כדי להתאים אישית את החוויה שלך. על ידי שימוש באתר שלנו, אתה מקבל את השימוש שלנו בעוגיות כמתואר ב מדיניות הפרטיות שלנו