Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Salm 49

49
Baois agus Beagthairbhe Shaibhreas an tSaoil Seo
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
2 Éistigí, a chiníocha go léir,
tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,
3 íseal agus uasal in éineacht,
saibhir agus daibhir le chéile.
4Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;
is lán mo chroí de thuiscint.
5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,
sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
6Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc
agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall–
7dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas
agus a mhaíonn as méid a maoine?
8Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt
ná éiric a anama a dhíol le Dia;
9is ródhaor aige éiric a anama.
10Ní thig leis síorbheatha a cheannach
le súil nach bhfeice sé an uaigh.
11Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár
agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
12Tuamaí is dídean dóibh go brách,
a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéile
cé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír.
13Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
14Slí na baothmhuiníne a slí siúd,
críoch na droinge lenarb áil a maoin.
Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
15mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireacht
agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.
Imeoidh a dtaibhse ar maidin;
san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.
16Ach saorfaidh Dia mʼanam-sa ar ifreann
an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
17Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;
má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
18Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis,
ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
19Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé–
“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht”–
20rachaidh sé i bhfochair a shinsear
nach bhfeicfidh an solas go brách.
21Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.

Actualmente seleccionado:

Salm 49: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión