Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Salm 44

44
Bua agus Briseadh Iosrael
1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.
2Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,
agus dʼinis ár n‑aithreacha féin dúinn
na hoibreacha a rinne tú fadó,
na héachtaí a rinne tú lena linn.
3Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn
gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.
4Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh
níorbh é a gcuisle féin a shaor iad
ach do dheaslámh féin is do chuisle
agus gile do ghnúise, mar bʼiad do ghrá iad.
5 Is tú mo rí agus mo Dhia
a thug barr agus bua do Iacób.
6Is tríotsa a chloíomar ár naimhde
gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i dʼainm.
7Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,
ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,
8ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn
agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.
9Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh
agus ag tabhairt moladh do dʼainm de shíor. Selah
10Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil
agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
11Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhde
agus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.
12Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe.
Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.
13Dhíol tú do phobal in aisce,
agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.
14Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,
cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,
15ceap aithise i mbéal na gciníocha
agus ceap magaidh i measc na náisiún.
16Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor
agus luisne na náire i mo leiceann
17de bharr ghlór an scigire agus an sciolladóra
de dheasca an namhad agus an díoltasaí.
18Tháinig na nithe seo uile orainn anuas
siúd is nach ndearnamar dearmad ort,
is nach rabhamar mí-dhílis do do chonradh
19ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,
ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,
20bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn
agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.
21Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé
nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,
22nach mbeadh a fhios sin ag Dia?
Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.
23Ar do shon-sa tugtar ár n‑ár ar feadh an lae
agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.
24 Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna?
Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!
25 Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn
agus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?
26 Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach
agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.
27 Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linn
agus fuascail sinn as ucht do thrócaire.

Actualmente seleccionado:

Salm 44: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión