Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Salm 42

42
An Dara Leabhar
Saint chun Dé agus chun a Theampaill
1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.
2Faoi mar a shantaíonn an eilit
na sruthanna uisce
is amhlaidh a shantaíonn mʼanam
thusa, a Dhia.
3Tá cíocras chun Dé ar mʼanam
chun Dé bheo;
cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé
gnúis mo Dhé.
4Is iad mo dheora is bia dom
de lá agus dʼoíche
nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”
5 Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh
nuair a chuirim mo racht díom:
mar a ghluaisinn i dtosach an tslua
ag triall ar theach Dé dom,
le gártha gairdis agus molta
i ndáil fleá agus féile.
6Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
7Tá mʼanam go buartha istigh ionam,
is ort a bhím ag cuimhneamh
ó thír na hIordáine, ó Hearmón,
agus fós ó Shliabh Mizeár.
8Glaonn na duibheagáin ar a chéile
le torann do chuid easanna.
Tagann do thonnta agus do thuilte go léir
ina gcaisí anuas orm.
9Bronnfaidh an Tiarna a bhuan-ghrá
orm de lá
agus canfaidh mé ceadal san oíche
do Dhia mo bheo.
10Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth
a ndearna tú dearmad orm?
Cad chuige dom triall go dobrónach
is mo namhaid do mo chrá?
11Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam
tarcaisníonn mo naimhde mé,
dá rá liom gan stad in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”
12Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Actualmente seleccionado:

Salm 42: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión