Marcas 6
6
Íosa ina Dhúiche Féin
1Dʼimigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. 2Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? 3Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann. 4Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.” 5Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, 6agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
Misean na nAspal
7Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh dá gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. 8Dʼordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata–arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; 9ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”. 10Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. 11Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” 12Agus ar dhul amach dóibh dʼfhógair siad aithrí a dhéanamh 13agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
Bás Eoin Baiste
14Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.” 15Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.” 16Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.”
17Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh. 18Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.” 19Bhí olc ag Héaróidias chuige agus bʼáil léi é a mharú ach ní fhéadfadh, 20óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar. 21Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne ar lá a bhreithe, do lucht a chúirte agus dʼoifigigh agus do chinn phobail na Gailíle; 22agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: “Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.” 23Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.” 24Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.” 25Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus dʼiarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.” 26Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionnaí agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi, 27agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus dʼordaigh a cheann a thabhairt isteach. Dʼimigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é, 28agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é. 29Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
Céad Mhíorúilt na mBuilíní
agus na nIasc
30Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus dʼinis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. 31Dúirt sé leo: “Tagaigí sibh-se go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall”–óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu. 32Dʼimigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. 33Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus dʼaithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu. 34Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh. 35Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta. 36Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mór-thimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.” 37Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar dʼarán agus é a thabhairt dóibh le hithe?” 38Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.” 39Agus dʼordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas, 40agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí. 41Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách. 42Dʼith siad uile agus bhí siad sách. 43Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc. 44Cúig mhíle fear an líon a dʼith na builíní.
Íosa ag Siúl ar an bhFarraige
45Ansin chuir sé dʼfhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh. 46Tar éis dó iad a chur chun siúil, dʼimigh sé faoin sliabh chun guí. 47Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír. 48Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu. 49Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach, 50mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: “Bíodh misneach agaibh! Mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.” 51Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth. 52Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, óir bhí a gcroí go dúr.
Íosa i nGeinéasaireit
53Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire. 54Agus ar theacht as an mbád dóibh, dʼaithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad, 55agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é a bheith. 56Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.
Actualmente seleccionado:
Marcas 6: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: