Matha 28
28
An Tuama Folamh Íosa dá Thaispeáint Féin do na Mná
1Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe. 2Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi. 3Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta. 4Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh. 5Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. 6Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith agus breathnaígí an áit a raibh sé ina luí. 7Agus imígí libh go tapa dá insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!” 8Dʼfhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal. 9Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Is é bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó. 10Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”
Na Gardaí dá mBreabadh ag an tSainidrín
11Le linn dóibh sin a bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus dʼinis siad an scéal go léir do na hardsagairt. 12Chruinnigh siad-san agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí 13ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus dʼfhuadaigh siad é.’ 14Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibh-se ó imní.” 15Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal dá reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.
Íosa Aiséirithe sa Ghailíl: Misean na nAspal
16Dʼimigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, 17agus ar a fheiceáil dóibh dʼumhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. 18Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha dom-sa ar neamh agus ar talamh. 19Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, dá mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, 20ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
Actualmente seleccionado:
Matha 28: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: