Gníomhartha 21
21
Pól ar a Bhealach go hIarúsailéim
1Dʼfhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Ródas agus as sin go Patara. 2Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go dtí an Fhéiníc; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh 3nó gur thángamar i radharc na Cipire. Dʼfhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSiria agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú. 4Fuaireamar roinnt deisceabal agus dʼfhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go hIarúsailéim. 5Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí, 6agus dʼfhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bhord na loinge agus chas siad-san ar ais abhaile.
7Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Tolamáíos. Bheannaíomar do na bráithre agus dʼfhanamar acu aon lá amháin. 8Dʼimíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Caesairia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus dʼfhanamar aige. 9Bhí ceathrar iníonacha aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu. 10Bhí tamall caite againn i gCaesairia nuair a tháinig fáidh darbh ainm ‘Agabas’ anuas ó Iúdáia. 11Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, dá rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.” 12Nuair a chualamar an chaint sin, dʼimpíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go hIarúsailéim. 13Ach dʼfhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh a bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní hamháin le mo cheangal ach leis an mbás féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.” 14Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: “Toil an Tiarna go ndéantar.”
15Tar éis na laethanta sin, dʼullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go hIarúsailéim. 16Tháinig cuid de na deisceabail ó Chaesairia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnasón, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige.
Pól ag Tabhairt Cuairte ar Shéamas
17Ar theacht dúinne go hIarúsailéim, chuir na bráithre na fáiltí geala romhainn 18agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair. 19Bheannaigh Pól dóibh agus dʼaithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail. 20Agus nuair a chuala siad-san an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus iad go léir dúthrachtach don dlí. 21Tá scéala faighte acu ort-sa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, dá rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh. 22Cad atá le déanamh mar sin? Mar níl aon amhras ná go gcloisfidh siad go bhfuil tú tagtha. 23Dá bhrí sin, déan mar a deirimid leat. Tá ceathrar fear againn anseo a bhfuil móid orthu. 24Beir leat iad agus déan thú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí. 25Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu dá achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.”
26Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.
Pól dá Ghabháil
27Bhí na seacht lá de chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól 28ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc cách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní hamháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.” 29Is amhlaidh a bhí siad tar éis Trofamas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall. 30Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.
31Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib. 32Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéid leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil. 33Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus dʼordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige. 34Thosaigh daoine sa slua dá rá seo agus daoine eile dá rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, dʼordaigh sé é a thabhairt isteach sa dún-phort. 35Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé dá iompar ag na saighdiúirí, 36mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: “Tóg uainn é.” 37Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dún-phort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” Dʼfhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat? 38Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol na ceithre mhíle de na meirligh amach sa bhfhásach?” 39“Is Giúdach ó Tharsas na Cilice mé,” dʼfhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.” 40Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus dʼfhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo san Eabhrais mar a leanas.
Actualmente seleccionado:
Gníomhartha 21: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: