2 Corantaigh 6
6
1Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú. 2Mar is é a deir sé:
“Ar uair na faille thug mé cluas duit;
ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.”
Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.
3Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine, 4ach cruthaímid, i ngach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró; 5le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras. 6Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis, 7le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn; 8bíonn meas orainn agus droch-mheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor. 9Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm a bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm a bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis. 10Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
11Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir na Corainte, tá ár gcroí ar leathadh romhaibh 12agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht. 13Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.
Teampall an Dé Bheo
14Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas? 15Cén cumann atá ag Críost le Beiliár? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach? 16Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is sinne teampall Dé bheo, de réir mar atá ráite ag Dia féin:
“Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc,
beidh mé i mo Dhia acu
agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa.
17Imígí as a measc, dá bhrí sin,
agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamh-ghlan
agus beidh fáilte agam-sa romhaibh.
18Beidh mé i mʼathair agaibh
agus beidh sibh-se in bhur gclann mhac agus iníonacha agam-sa.
arsa an Tiarna uilechumhachtach.”
Actualmente seleccionado:
2 Corantaigh 6: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: