1 Corantaigh 15
15
Aiséirí Chríost
1Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a dʼfhógair mé daoibh agus ar ghlac sibh-se leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de. 2Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é–ach murab in aisce a chreid sibh. 3Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; 4gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; 5gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; 6gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig chéad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne. 7Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. 8Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin dom-sa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth. 9Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail–ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géar-leanúint ar eaglais Dé. 10Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. 11Ach is cuma idir mise agus iad-san, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibh-se .
Aiséirí na Marbh
12Ós é atá dá fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibh-se a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith? 13Mura bhfuil aiséirí na marbh ann níl Críost ach a oiread aiséirithe. 14Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna. 15Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fíor nach n-aiséiríonn na mairbh. 16Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag. 17Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill. 18Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. 19Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.
20Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. 21Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. 22Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, athbheofar gach duine chomh maith i gCríost. 23Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéad toradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; 24agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an Ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. 25Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige. 26Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás. 27Óir “tá gach ní curtha faoi chois aige.” Ach nuair a deirtear “tá gach ní curtha faoina chois” is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh. 28Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní.
29Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad? 30Agus cad chuige a dtéimid-ne i mbaol gach uair den lá? 31Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis. 32Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.” 33Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.” 34Croithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim dá rá.
An Cholainn Aiséirithe
35Fiafróidh duine éigin: “Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?” 36A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús. 37Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile. 38Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu. 39Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc. 40Agus tá na dúile Neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní hionann loinnir do na dúile Neimhe agus do dhúile na talún. 41Ní hionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile. 42Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i so-mhillteacht; éireofar i ndo-mhillteacht. 43Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart. 44Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith. 45Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Is ea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh. 46Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh. 47Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine. 48Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh. 49Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, glacaimis cló an duine neamhaí orainn chomh maith. 50Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir dʼfhuil agus dʼfheoil Ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud so-mhillte an do-mhillteacht a shealbhú.
51Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir. 52Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne, 53mar ní foláir don chorp so-mhillte seo cló do-mhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamh-bhásmhar a chur uime. 54Agus nuair a bheidh an corp so-mhillte seo ina chló do-mhillte, an corp básmhar seo ina chló neamh-bhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
55“Tá an bás slogtha siar ag an mbua.
Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua?
A bháis, cá bhfuil do chealg?”
56Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca. 57Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.
58Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.
Actualmente seleccionado:
1 Corantaigh 15: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: