Nahúm 1
1
Teideal
1Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.
Réamhrá
Fearg an Tiarna
2Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna;
tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge;
Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas;
is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
3Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge
agus is mór í a chumhacht;
Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós.
Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm;
is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
4Tugann sé iomardú don fharraige
agus cuireann sé i ndísc í;
triomaíonn sé na haibhneacha go léir.
Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú
agus fásra na Liobáine ag feo.
5Tá na sléibhte ar crith roimhe
agus na cnoic á leá.
Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan,
agus gach duine dá gcónaíonn ann,
6Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh?
Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt?
Bladhmann a chuid feirge amach mar thine,
agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
7Is maith é an Tiarna;
dún daingean is ea é lá na buartha.
8Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce
nuair a thagann an díle.
Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne
agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde
isteach sa dorchadas.
Oracail i dtaobh Iúdá agus Nínivé
9Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh
ín aghaidh an Tiarna?
Eisean a t‑ollscriostóir.
Tá deireadh leis an ansmacht go deo.
10Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha,
mar choinleach tirim, go hiomlán.
11Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire
a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.
12Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad,
coscrófar agus dísceofar iad.
Cé gur smachtaigh mé thú cheana,
ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.
13Brisfidh mé díot anois
an chuing a leag sé ort
agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”
14Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh:
“Ní bheidh sliocht ort
a dtabharfar d'ainm orthu feasta;
tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe
chun siúil as teampall do dhéithe;
ullmhóidh mé uaigh duit,
mar is suarach an duine thú.”
Currently Selected:
Nahúm 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.