YouVersion Logo
Search Icon

Matha 26

26
Comhcheilg in aghaidh Íosa
1Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail: 2“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.” 3San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas, 4agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis. 5Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
An tUngadh i mBeátáine: Feall Iúdáis
6Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, 7tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord. 8Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad; 9“b'fhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.” 10Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm; 11mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh, 12agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é. 13Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”
14Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart 15agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal. 16Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
Ullmhú don Cháisc
17Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” 18“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ” 19Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc.
Tá Duine Díbh chun mé a Bhrath
20Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. 21Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.” 22Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” 23D'fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. 24Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” 25D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
Bunú na Naomh-Shacraiminte
26Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” 27Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo, 28óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh. 29Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n‑ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m'Athar.”
Rabhadh do na hAspail agus do Pheadar
30Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg. 31Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’ 32Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” 33Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.” 34Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.” 35Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Guí Íosa sa Ghairdín
36Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.” 37Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain. 38Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.” 39Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.” 40Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom? 41Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” 42D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!” 43Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. 44D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. 45Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. 46Éirígí! bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.”
Íosa á Ghabháil
47Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail. 48Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.” 49Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é. 50Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. 51Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. 52Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. 53Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m'Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal? 54Conas a chomhlíonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir a bheith?” 55An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.” 56Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
Íosa i Láthair na Comhairle
57An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. 58Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d'fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
59Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású, 60ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid d'fhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair 61agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ” 62D'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?” 63D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.” 64Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.” 65Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh. 66Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.” 67Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é 68ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?”
Séanann Peadar Críost faoi Thrí
69Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.” 70Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean. 71Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.” 72Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” 73Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.” 74Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. 75Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt.

Currently Selected:

Matha 26: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy