YouVersion Logo
Search Icon

2 Tiomóid 1

1
Beannú
1Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanais na beatha atá againn i gCríost Íosa. 2Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.
3Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche. 4Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas. 5Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.
Tíolacthaí Thiomóid
6Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. 7An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. 8Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.
9Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire 10ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil. 11Agus táimse ceaptha i mo fhógróir agus i m'aspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin. 12Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd. 13An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. 14An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosáin é le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn.
15Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh. 16Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún, 17is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé. 18Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd - agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.

Currently Selected:

2 Tiomóid 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy