Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha. Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa. Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith. Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia. Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.