Laoi na Laoithe 7
7
Mná Iarúsailéim
1 Fill, fill, a Shiúlamach,
fill, fill, go bhfeicfimid thú.
Eisean
Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamach
ach rince an dá fhoireann?
2 Nach breá iad do chosa i mbróig,
a iníon rí;
lorgaí mar chlocha muince
dea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
3 D'imleacán mar chuach fíona,
ní folamh é choíche.
Brú mar charn cruithneachta,
fál bláthanna air.
4 Do dhá chích mar dhá oisín,
cúpla aon eilite.
5 Do mhuineál mar thúr eabhair,
do shúile mar locháin Heisbeon
faoi gheata Bhat Rabaím.
Do shrón mar thúr sa Liobáin
ag faire i dtreo na Damaisce.
6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil,
folt ar dhath an chorcra;
cheangail tú rí lena thriopaill.
7 Is álainn tú, is aoibhinn,
a shearc, a mhilse.
8 Ard maorga mar chrann pailme tú,
do chíocha mar chrobhaing.
9 “Suas an phailm liom,” arsa mise;
“béarfaidh mé greim ar a géaga.”
Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,
boladh úll ar d'anáil.
10 Togha fíona do phóga
ag dul go blasta síos an scornach
trí bheola agus fiacla.
Ise
11 Le mo ghrá-sa mise,
agus mise a mhiansan.
12 Tar liom, a ghrá,
amach ar na bánta.
Codlóimid i measc bláthanna coifir.
13 Moch maidine don fhíonghort,
d'fhios ar eascair an fhíniúin,
ar oscail a bláthanna,
ar bhorr an gránúll.
Is ann a thabharfad grá duit.
14 Geanúll ag tabhairt a bholadh,
togha agus rogha chun ár láimhe.
Sean agus nua
a thaisc mé duitse, a ghrá.
Zur Zeit ausgewählt:
Laoi na Laoithe 7: ABN
Markierung
Teilen
Kopieren
Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
Laoi na Laoithe 7
7
Mná Iarúsailéim
1 Fill, fill, a Shiúlamach,
fill, fill, go bhfeicfimid thú.
Eisean
Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamach
ach rince an dá fhoireann?
2 Nach breá iad do chosa i mbróig,
a iníon rí;
lorgaí mar chlocha muince
dea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
3 D'imleacán mar chuach fíona,
ní folamh é choíche.
Brú mar charn cruithneachta,
fál bláthanna air.
4 Do dhá chích mar dhá oisín,
cúpla aon eilite.
5 Do mhuineál mar thúr eabhair,
do shúile mar locháin Heisbeon
faoi gheata Bhat Rabaím.
Do shrón mar thúr sa Liobáin
ag faire i dtreo na Damaisce.
6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil,
folt ar dhath an chorcra;
cheangail tú rí lena thriopaill.
7 Is álainn tú, is aoibhinn,
a shearc, a mhilse.
8 Ard maorga mar chrann pailme tú,
do chíocha mar chrobhaing.
9 “Suas an phailm liom,” arsa mise;
“béarfaidh mé greim ar a géaga.”
Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,
boladh úll ar d'anáil.
10 Togha fíona do phóga
ag dul go blasta síos an scornach
trí bheola agus fiacla.
Ise
11 Le mo ghrá-sa mise,
agus mise a mhiansan.
12 Tar liom, a ghrá,
amach ar na bánta.
Codlóimid i measc bláthanna coifir.
13 Moch maidine don fhíonghort,
d'fhios ar eascair an fhíniúin,
ar oscail a bláthanna,
ar bhorr an gránúll.
Is ann a thabharfad grá duit.
14 Geanúll ag tabhairt a bholadh,
togha agus rogha chun ár láimhe.
Sean agus nua
a thaisc mé duitse, a ghrá.
Zur Zeit ausgewählt:
:
Markierung
Teilen
Kopieren
Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.