Laoi na Laoithe 4

4
Eisean
1Nach álainn tú, a rún,
nach álainn!
do shúile is coilm iad.
Laistiar de do chaille
folt mar thréad gabhar
anuas Cnoc Ghileád.
2D'fhiacla mar thréad lomtha
aníos as an loch nite,
cúpla uan ag gach caora
agus gan caora díobh seasc.
3Snáth craorag do bheola,
do chomhrá ró-aoibhinn.
Leathbhró ghránúill do ghrua
laistiar de do chaille.
4Túr Dháiví do mhuineál,
daingean cosanta,
míle sciath ar crochadh air,
éide chatha na gcuradh.
5Do dhá chíoch mar dhá oisín,
cúpla aon eilite,
ag innilt i measc bláthanna.
6Go séide lá,
go scaipe scáth
rachaidh mé go cnoc an mhirr,
go tulach na túise.
7Álainn tú ar fad, a rún;
atá tú gan cháim.
Eisean
8Tar as an Liobáin, a bhrídeach,
tar as an Liobáin isteach.
Féach anuas ó mhullach Amáná,
ó mhullach Sheinír agus Hearmón,
ó fhásach na leon,
ó shliabh na liopard.
9Shaobh tú mo chiall,
a shiúr, a bhrídeach,
shaobh tú mo chiall,
le silleadh ó shúil leat,
le haon seoid de do chuibhreach brád.
10Nach aoibhinn do ghrá,
a shiúr, a bhrídeach,
nach blasta do ghrá ná fíon,
nach cumhra iad do chumhrachtaí
ná spíosraí an domhain!
11Béilín meala, a bhrídeach,
mar an criathar ag sileadh;
mil agus bainne
faoi do theanga go cinnte;
boladh cumhra ar d'éadach
mar chumhracht na Liobáine.
Eisean
12Gort i lios tú,
a shiúr, a bhrídeach,
gort i ráth,
tobar i gcomhad.
13Gránúlla go tiubh ann
agus togha gach toraidh
ó shruthanna an tobair.
14Spiocnard agus cróch ann,
giolcach chumhra agus cainéal,
gach crann i bhfuil roisín,
miorr agus fóifíneach,
agus togha gach cumhrachta.
15Tobar i ngort
aníos as an talamh,
nó sruth as an Liobáin.
Ise
16Éirigh a ghaoth aduaidh,
gluais, a ghaoth aneas,
séidigí trí mo ghairdín
go leatha a chumhrachtaí.
Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,
blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Zur Zeit ausgewählt:

Laoi na Laoithe 4: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben