Amos 9
9
Caibidil IX.
Déis uaigneas Israel, 11 tógfaiḋ an Messias pailliún Ḋaiḃi, do ṫuit.
1Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡeasaṁ air a naltóir: agus a duḃairt sé, Buáil an fárdorus, ċor go ccroiṫid na postaḋa: agus géarr annsa ċionn íad, iad uile; agus muirfiḋ misi an deiġionaċ ḋíoḃ leis an ccloiḋeaṁ; an té ṫeiṫfios díoḃ ní raċfuiḋ sé as, agus an té raċfus as, ní sáorfuiġear é.
2Dá mbeiṫ go ttoċolaidís go hifrionn, do ḃéara mo láṁsa as íad; dá mbeiṫ go ndéandaois dreapaireaċt súas go neaṁ, do ḃéara mé liom as sín a núas íad:
3Agus dá mbeiṫ go ḃfoileoċaidís íad féin a mullaċ Ċarmel, spíonfa misi agus do ḃéara mé as sín íad; agus da mbeiṫ go mbeidís a ḃfolaċ óm raḋarc a níoċtar na fairge, annsin áiṫeonuiḋ mé don naiṫir niṁe, agus beanfuiḋ sí greim asta:
4Agus má atá go raċaidís a ndaóirsine roiṁe a naiṁde, áiṫeonuiḋ mé don ċloiḋeaṁ as sin, agus muirfiḋ sé íad: agus cuifiḋ mé mo ṡúile orra le holc, agus ni lé maiṫ.
5Agus isé an Tiġearna DIA na slóġ ḃeanfas ris an ḃfearann, agus leaġfuiḋ sé e, agus caóiḋfiḋ a nuile ḋuine áitreaḃus ann: agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus biáiḋ báiḋte, mar ṫuile na Hégipte.
6A sé do ní a ṡeomraḋa annsna neaṁuiḃ, agus do ṡuiḋiġ a ṡlúaġ annsa talaṁ; an té ġoirios air uisceaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad air aḋaiġ na talṁan: Isé an TIĠEARNA a ainm.
7Naċ ḃfuiltí mar ċloinn na Netíopeaċ ḋaṁsa, a ċlann Israel, a deir an TIĠEARNA. Naċ ttug mé Israel amaċ as críċ na Hégipte? agus na Ṗilistiniġ as Caṗtor, agus na Siríanuiġ ó Ċir?
8Féuċ, atáid súile an Tiġearna DIA air an rioġaċt ṗeacuiġ, agus scriosfa misi í ó ġnúis na talṁan; aṁáin naċ millfe mé tiġ Iácob ṫríd amaċ, a deir an TIĠEARNA.
9Oír féuċ, fuáigeoruid misi, agus cáiṫfiḋ mé tiġ Israel a measc na nuile ċineaḋaċ, aṁuil ċorruiġṫior arḃar a ccríaṫar, giḋeaḋ ní ṫuitfiḋ an gráinne is luġa air an ttalaṁ ḋe.
10Eugfuiḋ uile luċt peacuiḋ mo ṗobailsi leis an ccloiḋeaṁ, noċ a deir, Ní ḃéara an tolc oruinn agus ní ṫoirmeoscuiḋ sinn.
11¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód:
12Ċor go sealḃoċuid íarsma Edom, agus na ngeinteaḋ uile, noċ goirṫear am ainmsi, a deir an TIĠEARNA do ní so.
13Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, go mbéaruiḋ an toireaṁ air an mbúanuiġe, agus fear ḃrúite na ccáor air an té ċuirios an síol; agus silfid na sléiḃte fíon milis, agus leiġfid na huile ċnoic.
14Agus do ḃéara mé a rís ar a nais braiġde mo ṗobail Israel, agus cuirfid súas na caiṫreaċa fásuiḋ, agus áiteoċuid íad; agus plainndeoċuid fineaṁna, agus ioḃuid a fíon sin; do ḋéanuid fós gáirdíniġe, agus íosuid dá ttoraḋ.
15Agus plainndeoċa misi ann a ndúṫáiġ íad, agus ní ṫarrongṫar íad ní sa mó a níos as a ndúṫaiġ noċ ṫug mé ḋóiḃ, a deir an TIĠEARNA do Ḋía sa.
Valgt i Øjeblikket:
Amos 9: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.