Amos 7

7
Caibidil VII.
Taisbeanaḋ sciúrsa na nlocuistiġ, 4 na teine, 8 agus na doruḃa.
1Marso do ṫaisbéin an TIĠEARNA Día ḋaṁsa; agus, féuċ, do ċum sé a ttus ṫeaċt amaċ an dara fáis; agus, féuċ, do bé sin an fás deiġionaċ déis spealadóireaċda an ríġ.
2Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar iṫe féir na tíre, annsin a duḃairt misi, a Ṫiġearna DIA, maiṫ, íarruim daṫċuinge ort: cía le neireoċuiḋ Iácob? óir is beag é.
3Do ġaḃ aiṫreaċus an TIĠEARNA nimeso: Ní ḃiáiḋ, a deir an TIĠEARNA.
4¶ Is marso do ṫaisbéin an Tiġearna DIA ḋaṁsa: agus, féuċ, do ġoir an Tiġearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáiġ súas cuid .
5Annsin a duḃairt misi, A Ṫiġearna DIA, coisg, íarruim daṫċuinge ort: cía lé néireoċuid Iácob? óir is beag é.
6Do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA uimeso: ní ḃiáiḋ so, a deir an Tiġearna DIA.
7Is marso do ṫaisbéin sé ḋaṁ: agus, féuċ, do ṡeas an Tiġearna air ḃalla déanta le doruḃa, maille re doruḃa iona láiṁ.
8Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, A Amóis, cred do ċí tú? Agus a duḃairt misi, Doruḃa. Ann sin a duḃairt an Tiġearna, Féuċ, cuirfiḋ misi doruḃa a measc mo ṗobail Israel: ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní sa ṁó:
9Agus béid áite árda Isaac uáigneaċ, agus leagfúiġear sanctuareaḋ Israel na ḃfásaċ; agus éireoċuiḋ mé a naġaiḋ ṫiġe Ieroboam leis an ccloiḋeaṁ.
10Ann sin do ċuir Amasiah sagart Ḃét‐el fios go Ieroboam ríġ Israel, ag ráḋ, Dfeall Amos ad aḋuiġ a lár ṫiġe Israel: ní héidir leis an ttír a ḃríaṫra uile diomċar.
11Oír is marso a deir Amos, Eugfuiḋ Ieroboam leis an ccloiḋeaṁ, agus béarṫar Israel go deiṁin a láiṁ as a ttír féin.
12Fós a duḃairt Amasiah re Hamos, Ṫusa a ḟir fise, imṫiġ, teiṫ roṁad go tír Iudah, agus iṫ áran annsin, agus tairrġir ann:
13Aċt ná tairrġir a rís ní is mó a Mbétel: óir isé sépel an ríġ é, agus isí cúirt an ríġ í.
14¶ Aunsin do ḟreagair Amos, agus a duḃairt sé re Hamasiah, Ní fáiġ misi, nó mac faiġe mé; aċt dob áoḋaire mé, agus do buḋ cruinneoċṫóir toruiḋ fígeaḋ fíaḋáin mé:
15Agus do ġlac an TIĠEARNA mé, mar do lean mé an tréud, agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Imṫiġ, tairrġir dom ṗobal Israel.
16¶ Anois uimesin éist ṫusa bríaṫra an TIĠEARNA: a deir tú, Na tairrġir a naġaiḋ Israel, agus ná sil do ḃríaṫra a naġaiḋ ṫiġe Isaac.
17Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Biáiḋ do ḃean na meirdriġ annsa ċaṫruiġ, agus tuitfid do ṁic agus hinġeana leis an ccloiḋeaṁ, agus roinnfiġear ṫfearann le doruḃa; agus do ġeaḃa tú bás a ḃfearann ṫruáilliġṫe: agus raċaiḋ Israel go deiṁin a ndaoirsine as a ndúiṫċe.

Valgt i Øjeblikket:

Amos 7: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind