Amos 4

4
Caibidil IV.
Imḋeargaḋ ḟoirrneart na bprionnsa, agus an ṗobail.
1Eistiġsi an focalso, a ḃaṫ Básan, atá a slíaḃ Ṡamária, noċ ṡáruiġios an boċt, noċ ċrupas an riaċdanaċ, noċ a deir re na maiġistriḃ, Taḃruiġ, agus iḃeam.
2Do ṁionnuiġ an Tiġearna DIA fa na náoṁṫaċt, féuċ, go ttiucfuid na laeṫe oruiḃ, go mbéara sé leis siḃ le crúcaḋuiḃ, agus ḃur slioċt le duḃánuiḃ íascuireaċta.
3Agus raċṫaoi amaċ air na béarnuiḃ, gaċ áon ḃó air an ní ḃías roimpe; agus teilgfiḋe íad annsa ṗálás, a deir an TIĠEARNA.
4¶ Tigiḋ go Bet‐el, agus sáruiġiḋ; ann Gilgal oirlíonuiḋ peacaḋ; agus tugaiḋ ḃur níoḋbarṫa liḃ gaċ maidin, agus ḃur ndeaċṁaḋa tar éis ṫrí mblíaḋan:
5Agus ofraluiḋ íoḋbuirt ḃuiḋeaċuis maille re loiḃín, agus fúagruiḋ agus foillsiġiḋ na hoffrála toileaṁla: óir táitniġ so riḃsi, a ċlann Israel, a deir an Tiġearna DIA.
6¶ Agus ṫug misi fos gloine ḟíacal díḃ ann ḃur ccaiṫreaċaiḃ uile, agus easḃuiḋ aráin ann ḃur bpálásaiḃ: aċt ċeana níor filleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
7Agus marsin do ċonnaiṁ mé a nfearṫuinn uáiḃ, a nuáir do ḃádar fós trí ṁí gus an ḃfóġṁar: agus ṫug mé air fearṫuinn air áonċaṫruiġ, agus ṫug mé air gan fearṫuinn air ċaṫruiġ oile: do fearaḋ air ċuid aṁáin, agus an ċuid air nar fearaḋ do ċríon sé.
8Marsin do ṡeaċránadar a dó a trí do ċaiṫreaċaiḃ go háonċaṫruiġ dól uisge; aċt níor sásaḋ íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
9Do ḃuáil mé siḃ le loscaḋ gaóiṫe agus le milċéo: an tan dfásadar ḃur ngáirdíne agus ḃur ḃfíneaṁna agus ḃur ccroinn fíge agus ḃur ccroinn ola, do ṁill an ṗéisd palmer íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
10Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.
11Do scrios mé cuid díḃ, aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do ḃáḋḃair aṁuil aiṫinne ar na ṫarruing amaċ as an losgaḋ: ṫairis sin níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
12Ar a naḋḃarsin is marso do ḋéana mé riot, a Israel: agus do ḃríġ go ndéana mé so riot, ullṁaiġ do ṫeagṁáil ré do Ḋía, a Israel.
13Oír, féuċ, na té ċumas na sléiḃte, agus ċruṫuiġios an ġáoṫ, agus ḟoillsiġios don duine cred is sinúaineaṁ ḋó, do ní dorċadas don ṁaidin, agus ṡaltras a náitiḃ árda na talṁan, isé a ainm, An TIĠEARNA, Día na slóġ.

Valgt i Øjeblikket:

Amos 4: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind